Céad Míle Fáilte

Áit ar leith atá i bPáirc Oidhreachta an Bhunáin sa mhéid is go bhfuil raidhse láithreacha seandálaíochta dea-bhuanaithe inti ó thréimhsí eágsúla a thrasnaíonn réanna Clochaoise, Cré-umhaoise, Iarannaoise chomh fada le tréimhse an réamh-ghorta. Áirítear inti ceann de na Liagchlocha is suntasaí in Éirinn. Sa Pháirc tá fáil do chuairteoirí ar 2,000 méadar siúlóide ar chosáin gairbhéil a ghluaiseann trí 5,000 bliain staire agus taitneamh le baint ag an am céanna as radharcanna den scoth. Bíonn Páirc Oidhreachta an Bhunáin, atá suite sé mhíle ón Neidín ar phríomhbhealach an N71, oscailte do chuairteoirí i rith na bliana go léir.

An Ráth

Tá an Ráth, a úsáideadh mar áitreabh daingnithe agus feirme, ina radharc mórthaibhseach go fóill, thart ar 1,500 bliain tar éis do a bheith tógtha. Tá sé ar cheann de na Ráthanna is mó in Éirinn agus ceann de mhórán i nGleann an Bhunáin. Rinneadh an díog pheiteaméadar agus an claífort cré dúbailte (foss) a thógaint de láimh ag baint úsáide as uirlisí primitíbheacha. Is é tuairim seandálaithe gur don chosaint é an déantús ciorclach agus go mb’fhéidir go raibh suntas spioradálta ag baint leis chomh maith. Sna céadta ina dhiadh sin d’fhás a lán piseog faoi na ráthanna agus bhí se ráite go mbainfeadh mí-ádh len iad a shaothrú nó le cur isteach orthu. Tugtar ráthanna sióg ar ráthanna chomh maith mar gheall ar an traidisiún seanbhunaithe gur iad a bhíonn mar áit chónaithe ag na sióga nó ag na “daoine beaga”.

An Liagchiorcal & an tAdhlacadh Bolláin

Tá sampla breá i bPáirc Oidhreachta an Bhunáin de Liagchiorcal ilchlochach ina bhfuil Adhlacadh Bolláin ina lár, agus é ag dul siar chomh fada leis an gCré-umhaois. Tá an bollán coimeádta ina sheasamh ag clocha níos lú atá os cionn claise éadomhain ina bhfuil adhlacadh comhchoiteann le taisí daonna créamtha nó leathchréamtha. Bhíodh an Liagchiorcal bainteach le deasghnátha draoithe nó in úsáid do láthair searmanais mar chuid d’fhéilire ársa bunaithe ar chiogail na gealaí agus na gréine. Tá an Liagchiorcal ar cheann de na samplaí is mó le rá dá leithéid in Éirinn, mar a bhfuil ocht n-ailíniú gealaí agus gréine aige.

Fulacht Fiadh

Fulacht Fiaidh an t-ainm a thugtar ar pholl ársa cócaireachta ón gCré-umhaois. Bhidís lonnaithe de ghnáth taobh le foinse fíoruisce. Dhéantaí fulacht nó poll a thochailt agus a líonadh le huisce glan. Dhéantaí an t-uisce a théamh trí chlocha te a thumadh ann. Is mar seo a dhéantaí feoil úr faoi chlúdach tuí a bheiriú.

Ballán

Carraig mhór le barr maol agus báisín nó babhla snoite aisti atá sa Bhallán. De ghnáth bíonn na báisíní casta in airde, agus is sampla neamhghnáthach é an ceann seo sa mhéid is go bhfuil an báisín ar thaobh na cloiche. Níl sé soiléir cén úsáid go díreach a baineadh as na balláin. Tá fianaise faighte ó thaighde a rinneadh le déanaí i gceantar an Bhunáin a thugann le fios gur baineadh úsáid astu chun ailíniúcháin astralaíochta a mharcáil.

Gallán

Tá na Galláin ar na séadchomharthaí meigiliteacha is coitianta in Éirinn. Níl aon teoiric dheifnídeach leis an úsáid a baineadh astu ar dtús. Seans gur baineadh úsáid astu chun teorainneacha nó chun reiligí a mharcáil. B’fhéidir freisin gur baineadh úsáid astu chun ailíniúcháin astralaíochta a mharcáil. Tá sampla breá de Ghallán le fáil i bPáirc Oidhreachta an Bhunáin.

Fothrach ón nGorta

Tá an t-áitreabh beag ar cheann tipiciúil ón naoú haois déag luath nuair a tógadh teaghlaigh mhóra i gcúinsí primitíbheacha. Ceann tuí is dóchúla a bhíodh ar an teach. Tá a lán fothrach mar seo sa cheantar. Tugann baile fearainn comharsanachta Chorrghráig, a chiallaíonn seanbhaile, agus córas na ngort atá sa Pháirc le fios gur ceantar dlúthdhaonra a bhí anseo tráth.

Uaireanta Oscailte:

Oscailte i rith na bliana go léir le linn solas an lae.
Droim an Ghoirtín,
Páirc Oidhreachta an Bhunáin,
An Neidín,
Contae Chiarraí.

Rátaí don chead isteach:

€4 an duine
€10 ticéad teaghlaigh
Guthán +353 85 7677869
ríomhphost: info@bonaneheritagepark.com

Tá comh-mhaoiniú faighte ag an togra faoin AE Leader & faoin Tionscnamh um Fhorbairt Tuaithe a bhíonn á riar sa cheantar seo ag Páirtnéireacht Forbartha Chiarraí Theas Teo.

We would like to extend our thanks to local historian Brendan O’Sullivan (Bonane) for providing this translation into Ireland’s official language and for making the experience for our Irish speaking visitors more meaningful.